Cultúr an Phoblachtánachais
Faoi Léigear

Tomás Mac Síomóin

D‘fhógair Uachtarán S.A.M., an ‘poblachtánach’ George W. Bush, mí na Samhna seo caite go raibh faoi an ‘daonlathas’ a chraobhscaoileadh ar fuaid an domhain. Ní hé fearacht an oirfidigh chéanna, is éard is aidhm don daonlathas, dar le údar an aiste seo, smacht iomlán ag pobal feasach ar na cinntí uilig a bhaineann leis. Agus is éard atá sa bpoblacht idéalach, dar leis, dispeansáid ina mbeadh a leithéid de dhaonlathas i réim. Déanaimse idirdhealú riachtanach, dá réir sin, idir poblachtánachas Dhara Phoblacht na Fraince (poblachtánachas maorlathúil), ar mhúnla riaracháin é do ‘phoblachtaí’ agus stáit áirithe eile, agus poblachtánachas na Réabhlóide (poblachtánachas eiticiúil, sóisialachas). An poblachtánachas eiticiúil a sholáthraíonn an pheirspeictíocht as a bhfuil an aiste seo a leanas scríofa. Aiste phoileimiciúil seachas alt acadúil, breac le tagairtí léannta, a bhí fúm a chur ar fáil. Ach, don té ar spéis leis é, tá liosta de na saothair ar tharraing mé orthu ar fáil sa nóta ag deireadh an ailt.

Fir ghlúine an phoblachtánachais

FÁS nó bás!

Í féin a chaomhnú agus a iolrú – sin é an dlí a leagann an dúlra ar chuile orgánacht, poblacht nó pollóg, a bhfuil todhchaí i ndán dí. Ach córas soch-eacnamaíoch a bheith i gceist, bheadh a sheasmhacht agus cumas a atháirgthe ag brath, cuid mhaith, ar éifeacht oideachasúil ‘intleachtóirí orgánacha’ an chórais chéanna. Gníomhaithe cultúrtha, sa gciall is leithne den fhocal, a mhaireann ar an teorainn idir smaoineamh sóisialta agus gníomh, an chiall atá le leagan seo Antonio Gramsci. Is faoi na hintleachtóirí céanna a bhíonn sé an pobal a oiliúint, iad ag cinntiú go n-inmheánaíonn sé pé ar bith leagan den réalachas is gá lena leanúnachas féin mar phobal ar leith a chinntiú. Ba shampla thar barr dá leithéidí Sofaistigh na seanGhréige, múinteoirí agus gníomhaithe cultúrtha a chruthaigh agus a chraobhscaoil ‘cultúr’ na linne a raibh siad beo inti. Bá é an cultúr céanna a sholáthraigh an comhtháiteachas idé-eolaíoch a theastaigh le go gcaomhnófaí agus go bhforbrófaí daonlathas poblachtánach chathair-stáit na Gréige.

An idé-eolaíocht phoblachtánach a d’fhás i mbroinn Shoilsiú Mór na Gréige san dara leath den 5ú Aois R.Ch., b’in an ‘cultúr’ a chraobhscaoil na Sofaistigh seo. Ba iad a bhunaigh córas oideachais inar tugadh droim láimhe do chothú na modhanna aingiallta smaointeoireachta a bhí i réim sular tháinig siad siúd ar an bhfód. Ba éard a bhí uathu, córas ina mbeadh saoránaigh a bheadh lánoilte ar rannpháirtíocht i ndíospóireachtaí céillí á gcruthú. Saoránaigh a dhéanfadh cinntí réasúnacha nuair a bheadh an crú ar an tairne, agus a bheadh rialaithe ag an réasún seachas ag siotaí fánacha an chroí nó ag fasaigh an traidisiúin chalctha! Ghlac na nua-shuáilcí poblachtánacha seo, a bhí bunaithe ar mhachnamh loighiciúil maille le cothú na spride is úsáid na teanga, áit na miotas traidisiún-bheannaithe is na n-idéal uasalaicmeach a chuaigh rompu. Den chéad uair ariamh i stair an chine, ba é an cuspóir a bhí ag an oideachas an duine nua, ar dá ndlúth is dá n-inneach géire na beachtaíochta, a chruthú agus a chur ag feidhmiú sa bpobal.

Agus aríst, i gcás na Sofaistigh seo tá muid ag bualadh den chéad uair ariamh le haicme intleachtúil a bhí, ní hé fearacht dhraoi-aicmí dúnta na réamhstaire, fite fuaite le gnáthmhuintir an phobail. D’fhorbair agus mhúin siad bunús idé-eolaíoch na Nua-Ghréige gur chuir ar aghaidh é ó ghlún go glún.

D’eascair cur chuige na Sofaistigh as tuiscint a bhí réabhlóideach ag an am, .i. nach bhfuil teorainn le cumas an duine é féin a oiliúint ná a fheabhsú. Ba thuiscint í a tháinig salach go hiomlán ar sheandogma miotach úd na fola a thug le fios go raibh suáilce an duine teoranta ag a dhúchas. Nó ag pé ar bith cinniúint a bhí leagtha amach ag mná na tuirne nó ag fórsaí osnádúrtha eile dó. Leis an smaoineamh céanna a chur i dtéarmaí comhaimseartha, déarfaí gurb iad na crómasóim a rialaíonn iompar an duine. B’as prionsabail oideachasúla seo na Sofaistigh a d’fhás coincheap an chultúir, mar a thuigtear in Iarthar Domhain é, coincheap atá bunaithe ar chomhfhios, ar fhéintuiscint, ar bheachtaíocht is, thar ní ar bith eile, ar an mbuancheisniú. Ba iad na Sofaistigh chéanna a thionscnaigh stair réasúnachas an Iarthair, maille le díchonstruáil na miotas is na ndogmaí seanbhunaithe agus feachtas géarscrúdaithe mhachnamh an ghnáthaimh. As an bhfiuchadh intleachtúil seo, d’eascair an choibhneastacht stairiúil agus an t-aitheantas don bhunús daonna stairiúil atá ag fírinní na heolaíochta, norma na heitice agus dogmaí reiligiúnda. Dar leis na Sofaistigh, is torthaí ar ghníomhú intinn an duine na luacha is na dlíthe uilig a bhaineann le heolaíocht, dlí, moráltacht, agus miotaseolaíocht. Agus an pragmatachas atá taobh thiar de luacha an duine aitheanta acu, ba iad na Sofaistigh seo réamhgharda intleachtúil na ngluaiseachtaí daonnachtúla a ghinfeadh An Athbheochan, Soilsiú na 18ú Aoise (maille leis an bpoblachtánachas teoiriciúil agus praicticiúil a d’eascair as) agus ábharachas na 19ú Aoise.

Ba phoblachtánaigh iad na Sofaistigh, a raibh a mbá leis an té a bhí thíos, leis an té a bhí imeallaithe.

I bpobail eile seachas pobal Gréagach úd na hallóide, chomhlíonfadh seámain, draoithe, filí, manaigh, múinteoirí scoile, iriseoirí, scríbhneoirí, ealaíontóirí, bolscairí raidió agus teilifíse, gníomhairí fógraíochta, spin-dochtúirí, etc. an dualgas bunúsach céanna: craobhscaoileadh chultúr an phobail ó lá go lá, ó ghlún go glún. Sa gcaoi is go mbraithfí na cultúir úd, arbh ionann chuile cheann acu agus an ‘réalachas sóisialta’ lenar bhain sé, a bheith chomh nádúrtha le gaoth na gcnoc, le huisce glan na bhfiodán ...

Cultúr, ardchultúr agus caitheamh aimsire

Tá an focal ‘cultúr’ pas beag débhríoch i gcaint na ndaoine, áfach. Is éard atá i gceist leis go dtí seo, an bharrthógáil idé-eolaíoch iomlán, maille leis na gníomhaíochtaí uilig a eascraíonn uaithi, a bheadh ag córas soch-eacnamaíoch ar leith. I bhfocla eile, an t-eolas (daonna, ealaíonta, teicniúil), an meon agus na luachanna a thiomáineann an córas. É sin uilig, maille leis na déantúsáin ábhartha a ghinfí: b’ionann sin agus ‘cultúr’ i gciall antrapeolaíoch an fhocail. Sa mbealach seo labhraítear ar ‘Chultúr Indiach Mheiriceá Láir’, abair, ar ‘Chultúr na bPrócaí Adhlactha’ nó ar ‘Chultúr Coca Cola’, go fiú’s ...

Is as iomoibriú leanúnach bhunús ábhartha an phobail (a bhuntógáil) lena bharrthógáil (cultúr, mar a shainmhínigh muid cheana é) a thig sainiúlacht saoil phobal ar leith. Gan athrú bunúsach ar cheachtar acu siúd, an bhun- nó an bharrthógáil, ní bheadh athrú sóisialta, réabhlóid ar bith, insamhlaithe. Sa gcaoi seo, tuigtear buntionchur polaitiúil – agus cumhacht – na n-intleachtóirí orgánacha. Gurb é a n-innealtóireacht bharrthógála siadsan a shainmhíníonn mianach (agus teorainneacha) a réalachais féin do phobal ar leith. A mheallann an pobal chun a bheith sásta leis an réalachas seo. Nó a shaghdaíonn an pobal chun rúibricí an ghnáthaimh a threascairt agus nuaíocht shóisialta a chruthú ina áit.

An bhrí eile atá ag an bhfocal cultúr, an bhrí choiteann, ná na cruthanna, na comharthaí is na fuaimeanna fré chéile trína sainmhíníonn an pobal é féin dó féin. Trína n-aithníonn an pobal é féin agus trína nglacann sé, nó a mhalairt, lena réalachas féin. Bainfear feidhm as an leagan ‘na healaíona’ nó ‘ardchultúr’ go minic san aiste seo le cur síos ar an ngné seo de réal-achas na beatha.

Is réimse leathan é a chuimsíonn na healaíona ceiliúrtha (ceol, damhsa), na healaíona plaisteacha (dealbhadóireacht, dathadóireacht, snoíodóireacht, criadóireacht, etc.) agus na scéal-ealaíona (litríocht, dráma agus, go dtí pointe áirithe, scannáin). Tá an earnáil seo ró-roighin, ar ndóigh, sa méad is nach bhfuil spás soiléir don cheoldráma ann ná do chumaisc chomhaimseartha éagsúla ar nós na filíochta canta, cuir i gcás, ná ceol nasctha leis na healaíona plaisteacha. Ach, i gcomhthéacs an argóint atá á forbairt anseo, tuigfear cén ghné den chultúr atá i gceist leis ‘na healaíona’.

Ba é Cicero an chéad duine a d’úsáid an téarma cultura sa gciall chúng úd, ‘ardchultúr’, atá go díreach mínithe. D’úsáid sé é le cur síos ar na gnéithe spioradálta agus teibí de phearsantacht an duine. Agus, spéisiúil go leor i gcomhthéacs argóint na haiste seo, nascann sé an téarma le cur chuige polaitiúil an té a mbeadh an ‘cultúr’ seo aige. Thig cultura ón mbriathar colere, a chiallaíonn cóilíniú nó an talamh a shaothrú. Labhraíonn sé dá réir ar cultura animi, ar shaothrú na hintinne, go díreach mar a labhraítear san lá atá inniu ann ar an intinn shaothraithe, an intinn chultúrtha. Sna Tusculanae disputationes maíonn Cicero go soiléir gurb éard atá san intinn, gort nach dtugann torthaí go réidh uaidh gan é a shaothrú roimhré. De bharr an tsaothrú seo, thuigfeadh an duine cultúrtha an bealach cuí le nithe, daoine agus smaointí a roghnú. Sa mbealach seo, samhlaítear cultura a bheith bonn ar aon leis na suáilcí cathartha eile, go speisialta humanitas, a bhainfeadh le saoránaigh ar ní barrthábhachtach dóibh a bheith saor, neamhspleách, gan ligint do bhrú ar bith cur isteach orthu agus iad ag plé le cúrsaí ealaíne, fealsúnachta ná eolaíochta. Mar a dúirt Cicero féin: ‘diúltaím a bheith curtha faoi bhrú ar bith, ag an bhfírinne féin nó ag an áilleacht, fiú’.

Le himeacht aimsire, sháraigh ciall an fhocail ‘cultúr’ an sainmhíniú a thug Cicero dó. Is éard atá i gceist anois le cultura animi ná deá-thoighis, íogaireacht shaothraithe i leith na háilleachta. Is éard is cultúr ann de réir na gnáth-thuisceana ná an chaoi a dhéileálann sibhialtachtaí leis na nithe is lú feidhme, saothar na bhfilí, na gceoltóirí, na scríbhneoirí, na bhfealsúnaithe, etc. Ach cérbh as do chaighdeáin na dea-thoighise faoi na coinníollacha seo? Dhearbhaigh Peiricléas gurbh é an pólis, an chathair ina dtarlaíonn an chumarsáid dhaonna agus ina mbíonn polaitíocht ar siúl, an ball as a n-eascraíonn slat tomhais na haeistéitice. ‘Mórann muid an áilleacht taobh istigh de na teorainneacha atá leagtha síos ag caighdeáin na dea-pholaitíochta’, a dúirt sé.

Dar leis na Rómhánaigh, ba é an banausia (a chuireann, a bheag nó a mhór, coincheap an fhilistíneachais in iúl) malairt ghlan an cultura animi. Shainigh siad é mar easpa iomlán caighdeáin chun nithe a shamhailt agus a mheas taobh amuigh den fheidhm phraicticiúil a d’fhéadfaí a bhaint astu. Agus, pointe nár mhiste a mheabhrú i gcomhthéacs chathréim reatha an nualiobrálachais, shíl na poblachtánaigh Rómhánacha go mba bhagairt do dhea-riar shaol na polaitíochta an filistíneachas céanna sa méad is nár chuir sé slat ar bith ar fáil le leas an phobail a thomhas, seachas norma loma an fheidhmeachais. Cheadódh filistínigh dá samhail pé ar bith gníomh ba ghá, dar leo, chun a gcuspóirí a bhaint amach, beag beann ar pé ar bith dochar comhthaobhach a dhéanfadh an cur chuige áirithe a roghnóidís. Ní call a rá go bhfuil an clamhsán ceannann céanna le cloisteáil go minic ar urlár an lae inniu. Gan ach beirt de mhórthráchtairí cultúrtha na linne a lua, tá sé curtha ar an taifead ag George Steiner agus Hannah Arendt araon gur bagairt mhór don daonlathas filistíneachas an lae inniu. Ar mórán na cúiseanna céanna a bhí ag na Rómhánaigh leis an bhfilistíneachas a cháineadh.

Ar éigean más call a rá gur bagairt mhór é an cur chuige filistíneach seo do na healaíona. Arae, nuair is norma an fheidhmeachais an tslat tomhais a úsáidtear le saothair ealaíne a mheas, ní féidir ach gan iad a dhíluacháil (sa gciall leathan den fhocal).

Ag an bpointe seo, ní foláir an difríocht idir ardchultúr, mar atá sé sainmhínithe againn, agus caitheamh aimsire a rianú. Déanann Hannah Arendt talamh slán de go bhfuil difríocht bunúsach idir an dá shlí seo le fuinneamh an duine a chur in iúl:

Caitheamh aimsire, agus ní cultúr, a bhíonn a dhíth ar phobal na mórshluaite. Ídíonn an pobal na hearraí a chuireann tionscal an chaitheamh aimsire ar fáil dó mórán mar a d’ídeodh sé tráchtearra fánach ar bith. Bíonn gá ag an bpobal le caitheamh aimsire, bíodh is nach mbíonn sé chomh riachtanach le harán ná feoil.

Meileann sé an t-am, mar a deirtear go minic. Ach ní fhéadfaí a rá go mbíonn an t-am a mheiltear sa gcaoi seo caite le recreation, ‘ath-chruthú’ an duine i gciall bhunúsach an fhocail. An t-am a bhíonn ar fáil dúinn le páirt chruthaitheach a ghlacadh sna healaíona, nó le taitneamh gníomhach a bhaint astu, i ndiaidh obair an lae, sos, atá i gceist leis an gcoincheap. Ní díspeagadh ar chaitheamh aimsire atá i gceist. Is eadarlúid riachtanach i ngnáthamh an tseachtain oibre í an t-am falamh úd a líontar le sos agus caitheamh aimsire, a laghdaíonn an strus agus teannas a chothaíonn an gnáthamh-choigilt chéanna.

Ach, a bhuí le conníollacha strusúla na linne a bhfuil muid beo inti, tá méadú gan staonadh ag teacht ar an am a chaitear le caitheamh neamhghníomhach aimsire. Agus laghdú dá réir ar an am atá ar fáil don ardchultúr. Anuas ar sin, tá claonadh láidir ann chun ‘an t-am falamh’ seo a líonadh le táirgí gearrshaolacha thionscal an chaitheamh aimsire. Ní earraí cultúrtha iad seo a mheastar ar a gcumas chun iad féin a bhuanú sa mbeatha dhaonna, agus chun an tsibhialtacht a shaibhriú dá réir, dála déantúsáin na n-ealaíon. Ní luacha ach an oiread iad a d’fhéadfaí a úsáid nó a mhalartú. Níl iontu ar deireadh ach tráchtearraí tomhaltais atá ann le bheith ídithe, scriosta, dála tráchtearra ar bith. Is ar a ‘nuaíocht’ is ar a n-úire amháin a mheastar iad. Ní ag déanamh leas shaol na n-ealaíon atá an claonadh a bhraitear ar na saolta seo chun an tslat tomhais cheannann chéanna á chur le déantúsáin na n-ealaíon agus a chuirtear le táirgí thionscal an chaitheamh aimsire ...

Le craos doshásaithe an tionscail seo agus é ar thóir ábhair dá ghoile, is fearann dlisteanach sealgaireachta dó é stair uilig an chine dhaonna go nuige seo, gan trácht ar an stair chomhaimseartha. Ní chiallaíonn sé sin go scaiptear ardchultúr imeasc na n-ollsluaite, áfach. Arae, agus ardchultúr á phróiseáil le caitheamh aimsire a chumadh as, scriostar a eisint. ‘Tá i bhfad Éireann níos mó craic le baint as Jesus Christ Superstar nó as Calvary Mel Gibson ná as léamh an Bhíobla!’ B’in a d’áiteodh giománaigh thionscal an chaitheamh aimsire orainn. Níorbh ionann go baileach an éifeacht intleachtúil nó spioradálta a bheadh ag an léamh agus ag an scannán ar an saoránach. Ach ba achoimriú beacht ar an bhfeidhm atá ag a leithéid d’intleachtóirí in atháirgeadh thimpeallacht chultúrtha na linne, timpeallacht an fhilistíneachais, a leithéid de ráiteas.

Ní hé ardcultúr na mórshluaite (nach ann dó dháiríre) toradh na sealgaireachta seo – ach caitheamh aimsire na n-ollsluaite. Rud eile uilig é seo, arb é an mothú gearrshaolach a sprioc. Beathaíonn sé é féin, mar a bheadh ollsúmaire ann, le déantúsáin ealaíona na cruinne. Is éard atá i gceist leis, ná cuireadh muid fiacail ann, ná ísliú na daonnachta go leibhéal ainmhíoch na beatha. Ach nach cuma, fhad’s a choinnítear na daoine sásta?

Ach an cuma, dháiríre? Tógaimís ceist na polaitíochta i ré seo an chaitheamh aimsire, mar shampla. Tharla an díospóireacht pholaitiúil a bheith tiontaithe ina thaispeántas teilifíse gona lucht fulangach féachana, seachas ina dhiospóireacht oscailte rannpháirtíoch, ní dóithín é an smacht atá ag tionscal an chaitheamh aimsire ar mheon is ar chlaontaí idé-eolaíocha an phobail. Is fada ó chomhthionóil phoiblí na hallóide atá cur chuige pholaiteoirí na huaire. Níorbh aon chuid de pholaitíocht Chathair na hAithne ná na Fraince am na gcommunards, abair, tionchur na n-ollnuachtán, an raidió ná na teilifíse ollchumhachtaí. Gan trácht ar an gcumhacht agus ar na foinsí airgeadais a bhíonn ar fáil do mhaorlathais na bpáirtithe. Déantar aithris go forleathan thall is abhus ar mhúnla pholaitíocht Mheiriceá ar na saolta seo. Ar na comhthionóil údan a eagraítear le hiarrthóirí a roghnú, ar toradh iad, shílfeá, ar chrosphórú chluichí peile le haontaí capall. Agus ina mbíonn ‘an pholaitíocht’ feannta anuas go fuaimghreimeanna bídeacha a bhíonn i bhfeil do leanbaíocht pholaitiúil an phobail. Bhí ceangal ann ariamh idir an amharclann agus an pholaitíocht, ar ndóigh. Ach san lá atá inniu ann, dhealródh sé go bhfuil na teorainneacha a dhealaigh ó chéile an dá ghné riachtanach seo de shaol an phobail imithe ina ngail soip. Bíodh muid ag smaoineamh ar Reagan agus ar Schwarzenegger ...

Agus seo an buille tromchúiseach, má tá an scéal mar atá á léamh go beacht anseo: Tá dochar mór déanta, agus á dhéanamh go leanúnach, ag seó polaitiúil na meán do chumas an tsaoránaigh chun roghain feasach réasúnach polaitiúil a dhéanamh, sine qua non an fhíordhaonlathais. Na meáin cheannaithe chéanna a d’fhógródh go neamhnáireach gurb í an tsaoirse tuairimíochta an chloch ba mhó ar a bpaidríní. Na meáin chéanna a ruaigeann an bhrí as an díospóireacht phoiblí agus as an ardchultúr trí chaitheamh aimsire a chumadh astu. Agus ar meicníocht iad na meáin chéanna, dá réir sin, le tabhairt ar an bpobal glacadh le clár oibre na scothaicmí a rialaíonn.

Fadhb mhór an daonlathais, nach bhfuil a réiteach aimsithe fós, áfach, ná an chaoi le saoirse tuairimíochta a chaomhnú agus a fhorbairt agus ag cinntiú ag an am céanna nach mbainfí feidhm as an tsaoirse chéanna mar uirlis chun smacht intleachtúil, morálta agus polaitiúil a bhunú!

I ndomhan dá leithéid, ina bhfuil roghain an tsaoránaigh (seachas roghain éaganta an tomhaltóra) á chúngú agus á chur ar ceal go gasta, saoirsí pearsanta á gcreimneadh go leanúnach, agus frithpholaitíocht á cothú go hoscailte is go neamhnáireach, tá dualgas soiléir ar dhaonlathaithe an réimeas reatha a throid agus a threascairt agus an tuiscint dhaonlathach phoblachtánach den pholaitíocht a chur ina áit. Dispeansáid a fhorbairt ina dtiocfadh leis na suáilcí daonlathacha úd atá cuimsithe ag an bhfocal ‘saoirse’ bláthú athuair. An mbeadh áit ag cúrsaí ealaíne sa gcoimhlint seo?

Is don mhóramh an t-ardchultúr

Is dual don ardchultúr, cúrsaí ealaíne, fuinneog a oscailt trína bhfeiceann an duine a réalachas féin agus réalachas an tsaoil ina mbíonn sé gafa maille leis na féidearthachta leithne a bhronnann a dhaonnacht air. Nuair a bhraitear, áfach, nach bhfuil sna healaíona, agus iad tiontaithe ina gcaitheamh aimsire, ach ornáid ar shaol an duine, craic seachas casán chun na soiléire, sásamh ainmhíoch seachas bealach amach as pluais Phlatóin, cuireann siad anam agus corp an duine i bhfeil do shaol chime na pluaise céanna.

Eascraíonn an riastradh as a ngintear an fíorshaothar ealaíne as claonadh radacach anama. A bhraitheann an t-ealaíontóir siocair a lánpháirtíocht dhianasach sa mbeatha dhaonna. Ealaíontóir nach ligfeadh do na fórsaí éagsúla a dhallfadh súil an duine go hiondual soiléire a thuisceana i leith chroí na beatha seo a choilleadh. Níor chóir go mba ghné eisiach ná corr de shaol an duine é an teannas cruthaitheach úd a fhéachtar lena réiteach trí mheán an tsaothair ealaíne. An rud is iontaí – agus is scannalaí – ná gur teannas é seo nach mbláthaíonn ionainn uilig.

Ardaíonn sé seo an cheist phráinneach seo a leanas: céard a thugann le fios don mhóramh nach bhfuil sé sách maith, nó nach bhfuil ar a chumas, aghaidh a thabhairt ar an dúshlán úd ar cuid de nádúr an duine é?

Bheadh cúiseanna maithe eiticiúla agus aeistéiticiúla againn, bunaithe ar luacha poblachtánacha, le cáineadh géar a dhéanamh ar an scoilt idir saol spioradálta iad siúd a mbíonn a dtoighis aeistéiticiúil bunaithe ar réimse leathan de thagairtí ealaíne agus iad siúd a mhaireann á n-uireasa siadsan. Ní hionann seo agus a rá gur féidir le duine ar bith taitneamh agus éadáil a bhaint as scéalta Uí Chadhain nó Beckett, abair, nó siomfóin de chuid Beethoven, gan an oiliúint chuí, gan na tagairtí cultúrtha cuí a bheith ar eolas aige.

Ní hann d’aon tasc domhain spioradálta nach féidir a chur in iúl trí shaothar ina bhféadfadh cách, ar a laghad go poitéinsealach, a bheith rannpháirteach. Sin bunphrionsabal cultúrtha an phoblachtánachais. B’ionann seo agus a mhaíomh gurb í an t-aon ealaín fhírinneach ná an ealaín a bhfuil baint aige le chuile dhuine, ealaín a thuigfeadh chuile dhuine a labhraíonn – siocair labhairt a bheith aige. Ach, aire duit, ní hionann é seo ar chor ar bith agus a mhaíomh gur féidir saibhreas na healaíne a bhlaiseadh gan an spiorad a chothú, a oiliúint. Níor mhór don oiliúint seo a bheith dírithe ar chroí na ceiste, áfach, agus gné imeallach neafaiseach na healaíne a chaitheamh i dtraipisí. Le fíorphoitéinseal an tsaothair a thabhairt chun solais, níorbh fholáir diriú d’aonturas ar an smior chailligh, ar an ngné bhunúsach úd gur féidir le cách – go poitéinsealach aríst – meabhair a bhaint as. Is éard atá á athfhógairt anseo ná tráchtas úd Shocraitéas, a ndearbhaítear ann go bhfuil ceangal riachtanach ann i gcónaí idir saol domhain na spride agus gnátheolas an duine. Ceangal nach féidir leis an mbeatha shibhialaithe, ná an tsibhialtacht féin, déanamh dá uireasa.

Is airm chumasacha iad uirlisí leochaileacha an ealaíontóra, thárla go mba éard atá iontu ar deireadh, uirlisí an réasúin choitinn. Agus bíonn baint bhunúsach i gcónaí ag saolú an ghné choiteann seo a neadaítear i gcroí an tsaothair le pé ar bith geit a bhainfeadh saothar ealaíne as pobal a mheasta. Gan saolú dá leithéid, ní bheadh ábhar ceiliúrtha ann don phobal céanna, ná ní aithneodh ná ní mhórfadh sibhialtacht ar leith í féin sa tsaothar.

Scothaicmeachas agus cultúr

Go mí-ádhúil, géilleann tionscal an chaitheamh aimsire, agus go leor de na saothair a d’éileodh an teideal ‘ealaín’ san lá atá inniu ann, do na teorainneacha a leagann an tsibhialtacht chomhaimseartha síos d’aonturas le riachtanas daonna amháin a mhúchadh. An t-éigean buile úd a chuireann an t-ealaíontóir ag tochailt sna réigiúin chosctha atá ina luí faoi shraith chalctha an ghnáis d’fhonn toibreacha nua fuaruisce a aimsiú. D’fhonn fírinní nua (nó seanfhírinní faoi chló na húire) a chur ag rince go treascairteach ar an mblár coiteann.

An chaoi a bhfuil fiontar na healaíne, an cultúr, á loit ag tionscal an chaitheamh aimsire atá á phlé go nuige seo againn. Le casadh beag a thabhairt don scéal, tabharfaidh muid aghaidh anois ar loitiméaracht a ionsaíonn prionsabail chultúrtha an phoblachtánachais ó threo eile: scothaicmiú na n-ealaíon. Lena rá go lom, tá feidhm threascairteach na healaíne á cur ó rath go leanúnach tríd an ealaín a nascadh go heisiach le léaschríocha tagartha an acadaimh. Fágann sé seo na healaíona dealaithe amach ar an mórgóir ó shaol an mhórphobail. Agus sactha isteach i ngarraí gabhainn na scothaicmí, na saineolaithe, na bposeurs is na gculture-vultures. Fágann seo bunmhistéir fhírinneach na daonnachta, gona saibhreas, a hilghnéitheacht is an t-iontas a bhaineann léi, stróicthe anuas ón bpeirspeictíocht choiteann. Agus manglam de théamaí neafaiseacha is de chluichí páistiúla curtha ag tionscal an chaitheamh aimsire ina háit. Is as íomhánna seo na teilifíse agus táirgí thionscal an chaitheamh aimsire atá an t-aon réalachas sóisialta, agus an luach-chóras a rialaíonn saol an mhóraimh mhóir, á gcruthú.

De réir na tuisceana poblachtánaí, ní féidir gach atá daonna a mhíniú i dtéarmaí meicniúla ná bitheolaíocha amháin. Thabharfadh sí le fios go bhfuil an spiorad saor ó theorainneacha. Lena rá ar bhealach eile, is de dhlúth is d’inneach an duine an tsaoirse. Mar shaoránaigh réasúnacha sa tóir ar shoiléire, feidhmíonn muid, dar le téacsa Arastatail, sa mbealach ‘is dual don saoránach’: ag iarraidh an fhulangacht a shárú, cailemhineoga na spride a dhíothú, etc. ... Glacann muid chugainn féin an chumhacht chun cinntí a dhéanamh. Agus a fhios againn i rith an achair cé muid féin agus céard atá ár dtreorú. Ar an lámh eile, ba ionann easpa shoiléire an duine, dar le buneitic an phoblachtánachais, agus an duine céanna a thumadh sa ndorchadas. Dorchadas dlúth ina maireann púcaí, cuid acu le dreacha sonraíocha scanrúla orthu, cuid acu coiriúil, fiú. Mar sin, is gnó do chách é an tsoiléire seo, má tá muid le bheith taobh le leagan amach poblachtánach Arastatail. Leagan amach atá bunaithe ar chothromaíocht agus comhar maidir leis na tionscadail is na tascanna is dual do shaoránaigh.

Sa bhfíorphoblacht, mar sin, ní choscfadh a stádas sóisialta ar éinneach a shaol a lárnú ar an bpoitéinseal iomlán a chuireann a stádas daonna ar fáil dó.

Sa bhfíorphoblacht, tharla nach ann d’éinne nach n-iompraíonn síol lus na healaíne ina lár, ní tharraingeofaí saothar ealaíne ón áit dhlisteanach is dual di i lár shaol an phobail chun an t-idirdhealú scannalach reatha idir ealaín na scothaicmí agus ealaín na mórshluaite a chruthú.

Sa bhfíorphoblacht, in aoráid na dispeansáide lándaonlathaí, ní bheadh cluas bhodhar ag éinneach, cuma cén ghairm a bheadh aige nó cén chéim ar a mbeadh sé ar an dréimire sóisialta, do dhioscúrsaí daonnaitheacha na healaíne.

Ach céard is ciall leis an ‘dioscúrsa fíordhaonnaitheach’ seo i dtéarmaí polaitiúla? Bhí polaitíocht na gcathair-stát Gréagach bunaithe ar an tuiscint go dtig le saoránaigh chriticiúla, agus iad go hiomlán ar an eolas, cinntí stuama neamhleithleasacha i leith riaradh an pólis a ghlacadh. Rinneadh talamh slán de gurbh í saordhíospóireacht, bunaithe ar shaorthuairimíocht, an t-urlár ar a raibh an daonlathas tógtha. Bhí an bealach le dul i bhfeidhm ar shaoránaigh soiléir: labhraíodh óráidithe, iad oilte sa reitric, go díreach leis an bpobal agus iad ag iarraidh an snas ab fhearr ab fhéidir a chur ar a gcuid pleananna is a gcuid geallúintí.

Ní rabhthas in ann barántas a thabhairt i gcónaí go raibh na polaiteoirí seo, ná na saoránaigh ach an oiread, ciallmhar ná ionraic a ndóthain chuile bhabhta. Ná gurbh í breith an phobail an roghain ba stuama domhnach is dálach.

Dá ainneoin sin, móradh spiorad seo na beachtaíochta. Arae, aithníodh gurbh í an bheachtaíocht smior chailligh an daonlathais phoblachtánaigh. Agus gurbh é an daonlathas rannpháirtíoch poblachtánach an córas ab fhearr le leas an phobail agus leas an tsaoránaigh a dhéanamh. Rud a d’fhágfadh gurb é folláine agus feabhas na beachtaíochta an tslat lena dtomhaistear sláinte an daonlathais, cuma cén aois nó cén áit ina mbíonn sé.

Fáinne fí dhaonlathú an ardchultúir

Is fada fánach an difríocht atá ann idir pobal sásta (ach gan a bheith comhlíonta, iomlán daonnaithe) an chaitheamh aimsire agus an t-idéal daonlathach Arastatalach úd atá inchollaithe ag an mana ‘soiléire do chuile shaoránach’. Agus é ag teacht le leagan amach Arastatail, d’aithin Karl Marx an chruthaíocht ealaíonta mar ‘shaorghníomhú’ an ‘daonnaí shaibhir’ (saibhreas spioradálta seachas ábhartha a bhí i gceist ag saoi Trier, ar ndóigh). De réir na tuisceana seo, ní fhéadfaí an t-ardchultúr a áireamh mar ‘speisialtacht’ atá teoranta do mhionlach pribhléidithe amháin. Is diminsean riachtanach é don bheatha dhaonna i gcoitinne. San lá atá inniu ann, áfach, agus ar leibhéal atá níos bunúsaí fós ná tionchur na mórmheán cumarsáide, téann coimhthiú an duine (bunaithe ar roinnt ghaimbíneach chúraimí na hoibre, mar a mhínigh Marx an scéal) idir é agus suáilcí an ardchultúir. Mar go mbíonn teorannú seo an ardchultúir don mhionlach nasctha i gcónaí lena choscadh ar na mórshluaite. ‘Ní túisce an obair a bheith dáilithe’, a deir Marx, ‘ná go n-airíonn an duine go bhfuil réimse ar leith gníomhaíochta fáiscthe anuas air agus ní éiríonn leis éalú as.’ Ach ní hé sin deireadh an scéil. ‘Faoin gcóras gaimbíneach’, a deir sé, ‘díothaíonn “mothú na seilbhe” na mothúcháin eile uilig, bídís corpartha nó intinniúil.’ Ach sin iad go baileach na mothúcháin cheannann chéanna atá faoi bhun na comhthuisceana daonna, a chothaíonn an t-ardchultúr agus atá barr-riachtanach ar deireadh d’fheidhmiú an fhíordhaonlathais.

Saothrú na spride agus brabús do mhionlach na pribhléide – obair tháir agus caitheamh aimsire don mhóramh mór, b’in an chontrárthacht a bhain leis an bpobal tháirgthe tráchtearraí ón gcéad lá riamh, dar le Marx. An t-aon leigheas a bhí aige siúd ar an scéal, deireadh a chur le táirgíocht tráchtearraí. Mar go ndídhaonnaíonn a leithéid chuile ghníomhaíocht dhaonna. Agus cuireann sí an t-ardchultúr féin faoi chuing riachtanaisí eacnamaíocht mhargadh an ghaimbíneachais.

Cailleann moltaí útóipeacha a chuirfeadh ‘ilghnéitheacht oibre’ agus forbairt chaitheamh aimsire chun cinn mar réiteach ar an scéal an bunphointe a bhí i gceist ag Marx. Is é sin le rá, an easpa bhunúsach céille a bhaineann le chuile ghníomhaíocht a chuireann é féin i bhfeil do na laincisí a bhaineann le táirgíocht tráchtearraí don mhargadh gaimbíneach.

Maidir le forbairt iomlán ar chumais agus ar bhuanna an duine – agus é saor ón táirgíocht tráchtearraí úd arbh é sásamh riachtanaisí an mhargaidh a buaic seachas leas an duine – ní fhéadfaí a leithéid a bhaint amach mura mbeadh ciall bhunúsach ag chuile fheidhm agus ag chuile ghníomhaíocht de chuid an duine. Gan eisceacht ar bith. Bhí an easpa céille a bhaineann le gníomhaíochtaí an duine faoin ngaimbíneachas – nuair is uirlisí iad siúd le cuspóirí coimhthithe a bhaint amach – ar cheann de na nithe a tharraing cáineadh Marx ar roinnt úd an tsaothair shóisialta a scarann an pobal ina n-aicmí, ina n-ísle is ina n-uaisle.

Is í bunteachtaireacht Marx, arb í an bhunteachtaireacht phoblachtánach í freisin, ná gur gá leagan amach reatha an phobail a dhaonlathú ó bhonn aníos. Sa gcaoi is go rachadh an duine, gan éinne ag tabhairt air é a dhéanamh, i mbun cruthaíocht ealaíonta. Chomh réidh céanna agus a théann sé i mbun atháirgeadh choinníollacha a bheatha féin. Chiallódh sé seo, thar ní ar bith eile, athrú ó phréamh ar an nasc reatha idir táirgíocht agus ídiú. Sa gcaoi is go méadódh is go láidreodh gné chruthaitheach an ídiú an ghné chruthaitheach a bhaineann ó cheart le táirgíocht ealaíonta.

Níorbh fhéidir athrúintí bunúsacha dá macasamhail, a bhainfeadh le chuile ghné de shaol an duine, a shamhailt gan fás a theacht ar fhorbairt aeistéiticiúil an duine. Sa gcomhthéacs seo, ba ghnéithe éagsúla den ghníomhaíocht chéanna an táirgíocht agus an t-ídiú ealaíonta. D’fhéadfaí ‘féin-oiliúint an duine de réir na haeistéitice praicticiúla’ a bhualadh mar lipéad ar an gclár oibre seo.

Ach nár leor oideachas ealaíne agus litríochta a fhorbairt sna scoileanna le luachanna an ardchultúir a scaipeadh? Nó an mbeadh a leithéid d’oiliúint insamhalta faoi choinníollacha an ghaimbíneachais, d’ainneoin caveat Marx? Ní chreideann an fealsúnaí marxach Istvan Mészáros go mbeadh. Ar údar thar a bheith bunúsach. ‘Ní tharlódh oiliúint aeistéiticiúil i mball ar bith seachas i bpobal fíorshóisialach ina sárófaí teorainneacha “coimhthiú na gcéadfaíocha”.’ Agus b’in an fáth nár leigheas ar bith ar leathnú ‘réasúnachas an ghaimbíneachais’ an oiliúint aeistéiticiúil úd nach dtugann aghaidh bhunúsach ar chroí na ceiste. Níl ina leithéidí, dar le Mészáros, ach ‘útóipeachas gan dealramh’ nuair atá chuile ghné de shibhialtacht na dtráchtearraí, an t-oideachas san áireamh, ‘ag freagairt go heisiach do riachtanaisí na táirgíochta’.

Bheadh an léamh seo ar an scéal ag teacht le claontaí i leith an oideachais atá le brath faoi láthair. Sa Spáinn, le sampla atá ar eolas ag an údar a lua, atá ag teacht lena bhfuil ag tarlú ar fuaid an domhain fhorbartha, mhol an rialtas coimeádach a bhí ag rialú na tíre i dtús 2004 dlí nua leis an gcóras oideachais a chur i bhfeil do riachtanaisí feidhmeacha lucht gnó. Faoin dlí nua seo (nár chuir an rialtas nua sóisialach i bhfeidhm, áfach – fós ar aon chaoi ... ) laghdófaí oideachas ealaíne anuas go dtí uair a chloig amháin in aghaidh na seachtaine, agus bheadh an méad sin féin teoranta do bhlianta tosaigh na meánscoile. Bheadh an t-am a chaithfí le fealsúnacht agus le litríocht ciorraithe go suntasach freisin. (Avui, Males arts, 22 Eanáir 2004.) Fiafraíonn údar an ailt, Pere Rovira: ‘céard a chiallaíonn sé nuair a mheasann na rialtais seo againne nach bhfuil aon tábhacht oideachasúil ag baint le fealsúnacht, le litríocht ná leis an ealaín?’ ‘Gan iad siúd,’ a deir sé, ‘fágtar daoine gann ar phléisiúr, ar dhínit agus ar shaoirse; éiríonn muid lag, ceansaithe agus furasta a mhealladh ... Ach sin atá uathu siúd ... pobal neamhliteartha brúidiúil ... ’.

Mhaígh Cicero gurbh í feidhm an oideachais an macléinn a scaoileadh saor ó thíoránacht na haimsire láithrí. A léaschríocha a leathnú, lena chur i bhfocla eile. Cuireann lucht tacaíochta an oideachais fheidhmigh tairiscint seo Cicero bun os cionn, áfach. Agus fógraíonn siad a mhalairt ghlan: is í aidhm an chórais oideachais an macléinn a chur faoi chuing thíoránacht na haimsire láithrí.

D’aontódh chuile phoblachtánach le dearcadh seo Cicero i leith an oideachais. Agus leathnódh sé scóp na díospóireachta leis an bproiséas sóisialta ina iomláine, agus ní an córas oideachais amháin, a chuimsiú. Deir Mészáros:

Is é croí éigeandáil reatha na bhforas oideachais ná ... raison d’etre an oideachais féin. Is ceist í seo a bhaineann ní hamháin le hiomláine an oideachais a fhaigheann ‘idir óg agus aosta’, ach le raison d’etre na n-ionstraimí is na n-institiúidí uilig a bhaineann le hidirghníomhú an duine. An bhfuil na hinstitiúidí céanna ann le freastal ar an duine nó ar chóir don duine coinneáil air ag freastal ar chóras ar dá dhlúth agus dá inneach giniúint a choimhthís phearsanta féin – sin croí na ceiste.

Tuigtear as seo a lárnaí is atá an córas oideachais don ‘inmheánú’ úd trína ndathaíonn an coimhthíos céanna meon na muintire. Ach tuigtear as seo freisin gur broim dhreancaide in aghaidh ruaghaoth na Márta é uaisliú ghradam an oideachais chultúrtha taobh amuigh de chomhthéacs ina mbeadh chuile ghné de shaol an phobail á dhaonlathú.

Agus bailchríoch á chur aige ar a rí-shaothar, léiríonn Arnold Hauser an t-aon bhealach atá as an bhfáinne fí seo:

Tá dlúthbhaint ag leathnú léaschríocha ealaíonta na mórshluaite le cúrsaí oideachais. Ní trí mhórshimpliú a dhéanamh ar an ealaín, ach trí mhéadú ar an gcumas chun breithiúnais aeistéiteacha a dhéanamh, a choscfar monaplú leanúnach an mhionlaigh bhig ... San lá atá inniu ann, ní féidir le fíorealaín chruthaitheach fhorásach gan a bheith casta. Seans nach dtarlóidh sé go brách go mbeidh chuile dhuine in ann an taitneamh céanna a bhaint as. Ach is féidir rannpháirtíocht na mórshluaite a leathnú agus a dhoimhniú. Bheadh na coinníollacha ar a mbeadh maolú ar mhonaplacht chultúrtha an mhionlaigh phribhléidithe bunaithe, thar aon ní eile, ar chúinsí eacnamaíocha agus sóisialta ... An chuid is lú gur féidir linn a dhéanamh ná troid ar son cruthú na gcoinníollacha seo.

Tabharfaidh muid an focal scoir don tráchtaire aitheanta cultúrtha, George Steiner. Cuireann seisean bochtainiú spioradálta an duine a leanfadh ar dhíothú na n-ealaíon in iúl go soiléir sna téarmaí seo a leanas:

Gan na healaíona, sheasfadh intinn an duine lomnocht os comhair a dhíothú pearsanta féin agus rialódh loighic na gealtachta is an éadóchais. Bail an chreidimh reiligiúnda, agus é bainteach leis ar bhealach, is é an poesis a cheadaíonn amaidíocht an dóchais. Sa gciall ríshuntasach seo, is tábhachtaí go mór na healaíona don chine daonna ná na heolaíochtaí is na teicneolaíochtaí is forbartha dá bhfuil (b’iomdha sin pobal a bhí in ann maireachtáil gan a leithéidí ar feadh na gcianta cairbreacha). Ach ní hionann cruthaíocht sna healaíona ná cumadh thairiscintí na fealsúnachta ... agus fionnachtain na n-eolaíochtaí. Is ainmhithe muid ar anál na beatha dúinn an bhrionglóid aithriste, shnoite nó chanta. Ní hann, ná ní fhéadfadh a bheith ann, do chomhluadar ar bith ar dhromchla na cruinne seo, ba chuma cé chomh bunúsach agus a bheadh na meáin ábhartha ar fáil dó, nach bhfuil ceol aige, ealaín ghrafach de chineál éicint, nó na hinseachtaí údan a eascraíonn as an gcuimhne shamhlaíoch a nglaonn muid miotas agus filíocht orthu. Aimsítear an fhírinne taobh leis an gcodramán agus leis an tairiscint, ach is fírinne níos lú í.

Tagairtí

Alvarez-Uria, Fernando (Comp), Neoliberalismo versus Democracia (Madrid: La Piqueta 1998).

Arendt, Hannah, Pasado y el Futuro. Ocho ejercicios sobre la reflexión Politica (Barcelona: Peninsula 1996).

Gomez Pin, Victor, Los ojos del murciélago – Vidas en la caverna global (Barcelona: Barral 2000).

Hauser, Arnold, Historia de la Literature y del arte (Madrid: Ediciones Guadarrama 1968).

Mac Síomóin, Tomás, Tuairisc ón bPluais (Baile Átha Cliath: Coiscéim 2004).

Mészáros, István, Marx’s Theory of Alienation (Londain: Merlin Press 1986).

Steiner, George, Gramáticas de la Creación (Barcelona: Circulo de Lectores 2000).

Copyright © The Republic and the contributors, 2005

Skip to main page content